Ed Sheeran
Ag Smaoineamh Os Ard
[Véarsa 1]
Nuair is léir nach seasann do chosa níos mó
Is nach leanann do shúil mar a bhíodh
An mbeidh teacht ar do bhéalín ar bhlaiseadh mo ghrá?
An mbeidh d’aghaidh ag fógairt d’aoibh?

[Pre-Chorus]
A stórín, beidh mé ag fanacht leat féin go seachtó naoi
A leana, is tú an duine dom fiú ag fiche trí
Tá mé ag rá leat go dtiteann daoine i ngrá gan aon chúis ná haon bhrí
B’fhéidir gan ach buille ar lámh
Titim féin i ngrá leat arís is arís
Tá rud ar intinn agam le rá

[Cúrfa]
Bí liom ann Féadfaidh tú mé a thógáil anocht
Ó luí liomsa faoin solas ón oíche gheal
Éist le buillí mo chroí ar m’ucht
Ag smaoineamh os ard
A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan

[Véarsa 2]
Nuair atá mé níos sine is ag briseadh go mall
Dearmad déanta ar m'ainm arís
Gan mo lámha in ann don mhéid céanna
Ó is tú a bheidh fós i mo chroí
[Pre-Chorus]
Beidh tú liomsa, is mise leastsa go deo mo chroí
Tú le feiceáil gach oíche i mo bhrionglóidí

[Cúrfa]
Tá mé ag rá leat go dtiteann daoine i ngrá gan aon chúis ná haon bhrí
B’fhéidir go mba chuid é don phlean
Mise agus tusa le chéile go deo
Ag glacadh go mbeidh tuilleadh ar lean

[Cúrfa]
Bí liom ann
Féadfaidh tú mé a thógáil anocht
Ó luí liomsa faoin solas ón oíche gheal
Éist le buillí mo chroí ar m'ucht
Ag smaoineamh os ard
A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan
A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan
A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan