The Gloaming
Meáchan Rudaí (The Weight Of Things)
Mo mheáchan i do bhaclainn sa phictiúr dínn beirt i Fitzgerald’s Park, agus mise in aois a trí
Ár meáchan araon, Ár gcómheáchan
Meáchan do hata anuas ar do gháirí
Mo mheáchan is tú dom iompar ar feadh naoi mí
Meáchan suí agus luí agus éirí
Do mheáchan féin nár ardaíos riamh ó thalamh ach chun tú a chur i dtalamh
Do mheáchan beo, Do mheáchan marbh
Meáchan na bhfocal ag éirí is ag titim eadrainn mar a bheadh sciatháin scuaine ealaí
Trom-mheáchan urnaí
Cleitemheáchan daidh-didil-dí
Meáchanlár fáinne fí na gcuimhní

Meáchan cheol do ghutha ón tuath sa chathair
Meáchan do bheoldatha ag luí ar do liopaí ag aeráil ghutaí
Meáchan do chumhrachta i seomra na hiarbhreithe
Meáchan do thuirse máthartha á rá liom bheith amuigh go cneasta

Meáchan do ghaolta, Meáchan muinteartha
Meáchan sinseartha, Meáchan comharsan
Meáchan seanchais, Meáchan an tsaoil mhóir
Meáchan sagart, Meáchan bráithre
Meáchan óil, Meáchan staire
Meáchan do ghrinn, Meáchan na ndaoine a thug na cosa leo Meáchan an tsaoil eile, Meáchan do chreidimh
Meáchan duairc do chuid sceoin, Meáchan do náire

Ár meáchan araon ag bualadh le chéile sa chathair chun lóin
Meáchan m’fhoighne ag fanacht leat ag doras séipéil
Meáchan d’fhoighnese ag fanacht liom chun teacht isteach
Meáchan do chuid paidreoireachta, Meáchan chrosa an tsaoil
Meáchan do ghoile, Meáchan do chuid moille i mbun bia
Meáchan aerach an chailín á thabhairt do na boinn chuig rincí
Meáchan an bhosca cheoil ar do ghuailní
Meáchan do dhá ghlúin ag coimeád tionlacan le rincí

Do mheáchan coirp agus tú ag luí os cionn cláir trí oíche agus trí lá

Meáchan an sceimhle i do shúile agus iad ag glaoch ort ón taobh thall
Meáchan an diúltaithe dul ann
Meáchan an ancaire agus é ag greamú go docht ionat ón mbruach thall
Meáchan na rún nach raibh aon cheilt orthu níos mó
Meáchan an ghrá gan rá a d’fhuascail glaoch an bháis ionat
Meáchan an mhearbhaill a d’fhág do cheann ina roithleagán ró Meáchan na beatha ag dul as
Meáchan mo chuairt dheireanach ort

Meáchan mhuintir na tuaithe ag triall ar an dtigh cathrach
Meáchan a monabhair
Meáchan do chomhrá linn féin ón dtaobh thall
Meáchan na rudaí a bhíodh á rá agat led bheo agus a bhí fós led mharbh
Fós do mheáchan teanga
Meáchan an cheatha nár lig dúinn seasamh fada a dhéanamh ag béal na huaighe

Éadroime d’anama a luigh orainn ar nós braillín síoda i do leaba tar éis tú a adhlacadh
Tar éis tú a adhlacadh
Tar éis