Traditional Irish Folk
Seacht nDólás na Maighdine Muire
An chéad dólás a bhí ar an Maighdean nuair a torraíodh a leanbh
Caipíní dubha air, is na Iúdaigh á ghreadadh

Aililiú ó Íosa, aililiú is tú mo leanbh
Aililiú ó Íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas

An dara dólás a bhí ar an Maighdean nuair a torraíodh a leanbh
Léine gharbh róin air, is a chraiceann á stracadh

Aililiú ó Íosa, aililiú is tú mo leanbh
Aililiú ó Íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas

An tríú dólás a bhí ar an Maighdean nuair a torraíodh a leanbh
É ar an gcrois chéasta, is na tairní á ghearradh

Aililiú ó Íosa, aililiú is tú mo leanbh
Aililiú ó Íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas

An ceathrú dólás a bhí ar an Maighdean nuair a torraíodh a leanbh
É ar chrann na croise ag fáil na ngrásta dár n-anam

Aililiú ó Íosa, aililiú is tú mo leanbh
Aililiú ó Íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas

An cúigiú dólás a bhí ar an Maighdean nuair a torraíodh a leanbh
A cheann ar bharr spíce ag tabhairt a chuid fola

Aililiú ó Íosa, aililiú is tú mo leanbh
Aililiú ó Íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas

An séú dólás a bhí ar an Maighdean nuair a torraíodh a leanbh
É ina hucht ghléigeal, is é sínte fuar marbh

Aililiú ó Íosa, aililiú is tú mo leanbh
Aililiú ó Íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas

An seachtú dólás a bhí ar an Maighdean nuair a torraíodh a leanbh
É sínte san uaigh, is na leacracha air trasna
Aililiú ó Íosa, aililiú is tú mo leanbh
Aililiú ó Íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas

Aililiú ó Íosa, aililiú is tú mo leanbh
Aililiú ó Íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas