Traditional Irish Folk
Seacht Suáilcí na Maighdine Muire
An chéad suáilce a fuair an Mhaighdean Bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí óna hAonmhac Íosa, gur thug sí chun tsaoil é i mbothán cró

Seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia

An dara suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí ona hAonmhac Íosa, gur shiúil sé léithi an ród

Seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia

An triú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí ona hAonmhac Íosa, go ndeachaigh sé ag léamh na leabhar

Seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia

An ceathrú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí óna hAonmhac Íosa, go ndearna sé den uisce beoir

Seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia

An cúigiú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí óna hAonmhac Íosa, go ndearna sé na mairbh beo

Seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia

An séu suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí ona hAonmhac Íosa, gur shaor sé lena fhuil an domhan

Seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia

An seachtú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí óna hAonmhac Íosa, gur chuir sé uirthi an choróin

Seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia