Traditional Irish Folk
Óró Sé Do Bheatha Abhaile
[Véarsa 1]
'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar
Do bé ár gcreach tú bheith i ngéibhinn
Do dhúiche bhreá i seilbh meirleach
’s tú díolta leis na Gallaibh

[Curfa]
Óró, sé do bheatha bhaile
Óró, sé do bheatha bhaile
Óró, sé do bheatha bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh

[Véarsa 2]
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile
Óglaigh armtha léi mar gharda
Gaeil iad féin is ní Francaigh ná Spáinnigh
's cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh

[Curfa]
Óró, sé do bheatha bhaile
Óró, sé do bheatha bhaile
Óró, sé do bheatha bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh

[Véarsa 3]
A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam
Muna mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh

[Curfa]
Óró, sé do bheatha bhaile
Óró, sé do bheatha bhaile
Óró, sé do bheatha bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh